Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 22 Bealtaine 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

An t-athbhreithniú ar fheidhmíocht oibre a mhíniú

An bhfuil imní ort mar gheall ar mheastóireacht feidhmíochta oibre atá le déanamh agat? Lean ort ag léamh chun a fháil amach conas is féidir leat déileáil leis na hábhair atá ag déanamh imní díot agus rath a bheith ort.

Demystifying the work performance review

Go minic músclaíonn an focal ‘meastóireacht’ cuimhní ónár laethanta scoile agus an faitíos a mhothaíomar nuair a bhí a fhios againn go mbeadh múinteoir nó príomhoide crosta ag díriú ar ár bhfeidhmíocht. Cheap an chuid is mó againn go raibh na laethanta sin fágtha inár ndiaidh againn go dtí... gur chualamar go mbeadh meastóireacht á déanamh orainn mar dhaoine fásta: san áit oibre!

Ní feiniméan iomlán nua iad athbhreithnithe ar fheidhmíocht oibre, ach tá siad anois ina gcuid níos rialta den chultúr corparáideach toisc go bhfuil cuideachtaí ag cur dlús lena n-iarrachtaí struchtúr cumarsáide níos soiléire a bhunú. Go hiondúil reáchtáiltear na hathbhreithnithe seo go bliantúil, agus tá trí ghné ag baint leis an aidhm atá leo:

  • cabhrú le fostaithe teacht ar thuiscint níos fearr ar a gcuid láidreachtaí agus laigí, agus ar an gcaoi a n-ailíníonn a bhfeidhmíocht le hionchais na cuideachta;
  • ligean d’fhostóirí na gníomhaithe is fearr sa chuideachta a shainaithint agus iad a úsáid dá réir sin;
  • rannpháirtíocht níos fearr a chur chun cinn, tríd is tríd, idir bainisteoirí agus a bhfoirne.

Tá trí chéim in athbhreithnithe feidhmíochta go neamhoifigiúil. An chéim ‘inbhreathnú’ a thugtar ar an gcéad chéim. I rith na céime seo caitheann tú roinnt ama i mbun machnaimh ar d’fheidhmíocht, trí chleachtadh féinmheasúnaithe de ghnáth. An chéim ‘gníomhaíocht’ a thugtar ar an dara céim. I rith na céime seo sainíonn tú na gníomhaíochtaí atá déanta agat agus atá á ndéanamh agat chun feabhas a chur orthu mar fhostaí le béim ort féin agus i ndáil le spriocanna na cuideachta araon. D’fhéadfaí an chéim ‘níos faide anonn’ a thabhairt ar an tríú céim. I rith na céime seo, soiléiríonn tú do spriocanna gairmiúla, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, agus díríonn tú freisin ar an gcaoi a n-ailíníonn siad le spriocanna na heagraíochta.

Dá bhrí sin, d’fhéadfaí glacadh leis an gcruinniú breithmheasa idir tú féin agus do bhainisteoir nó do cheannaire foirne mar dheis iontach chun bonn níos daingne a bhunú i d’eagraíocht, rud a bheadh úsáideach i do ról reatha agus i ndáil le d’uaillmhianta amach anseo.

Conas is féidir leat an leas is fearr a bhaint as ansin?

Bí ullamh i gcónaí.Ná bí ag brath ar an mbrú seachtrach a bhaineann le hathbhreithniú breithmheasa chun tús a chur le do chuid smaointe a bhailiú. I rith na bliana, déan mion-fhéinmheasúnuithe rialta agus coinnigh nótaí: liostaigh na tionscadail ar fad a raibh baint agat leo, conas ar éirigh leat, na dúshláin a bhí romhat agus conas ar éirigh leat iad a shárú; sainaithin do réimsí láidre agus na réimsí a d’fhéadfá a fheabhsú go fóill; scríobh síos spriocanna intomhaiste agus an méid atá á dhéanamh agat chun iad a chomhlíonadh.

Déan athbhreithniú ar do shainchuntas poist. Tagann róil chun cinn le himeacht ama, agus ní gá gur drochrud é sin. Mar sin féin, seiceáil do shainchuntas poist go rialta lena chinntiú go bhfuil na cúraimí ar fad a bhaineann leis á ndéanamh agus á gcur i gcrích agat. Is cuma má athraíonn siad go suntasach nó ar éigean i gcomparáid leis an méid a comhaontaíodh ar dtús, ba cheart duit a leithéid a phlé le linn do chruinnithe breithmheasa. Beidh ort féin agus ar do bhainisteoir teacht ar chomhaontú maidir le raon feidhme an róil a athrú nó maidir le hionchais a leasú, agus d’fhéadfadh a leithéid deis a thabhairt duit dul chun cinn a dhéanamh.

Sainigh conas a chuir tú aiseolas i bhfeidhm. Go hidéalach, ba cheart duit aiseolas a fháil go rialta. Tugann an cruinniú breithmheasa deis duit léargas a thabhairt ar an gcaoi ar chuir tú moltaí do bhainisteora san áireamh agus ar an gcaoi ar bhain do chuid oibre tairbhe as do ghníomhartha.

Ar deireadh, ná déan dearmad go bhfuil dhá thaobh le hathbhreithnithe feidhmíochta. Ní hé tusa amháin atá á mheas, tá an chuideachta á meas freisin: an gcomhlíonann an chuideachta ionchais na bhfostaithe, an soláthraíonn an chuideachta an tacaíocht a theastaíonn, an mbaintear an úsáid is fearr agus is féidir as sócmhainní lucht saothair? Le linn an chruinnithe athbhreithnithe, ba cheart go mbeifeá sásta ábhair imní ábhartha a chur in iúl. Ar an gcaoi sin, cinntíonn tú go bhfuil gach rud is gá chun do dhícheall a dhéanamh curtha in iúl agat, rud a rachaidh chun tairbhe do chách.

Is próiseas ilghnéitheach é an leas is fearr is féidir a bhaint as do chumas oibre, agus bealach amháin chun é sin a bhaint amach is ea branda pearsanta láidir a bheith agat. Léigh tuilleadh inár n-alt anseo.

 

Naisc ghaolmhara:

25 Ceist maidir le hAgallamh Breithmheasa Feidhmíochta Nach Mór a Bheith ar Eolas Agat

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.